Foinsí
Seo áis lenar féidir cuardach a dhéanamh ar c.7,000 foinse a cheadaigh an Brainse Logainmneacha agus taighde á dhéanamh ar fhianaise stairiúil logainmníochta in imeacht na mblianta. Cé go bhfuil eagarthóireacht áirithe déanta ar an ábhar, ba chóir glacadh leis go bhfuil neamhréireachtaí agus dúbailtí ann. Tá tuilleadh eolais faoi fhorbairt agus úsáid na háise le fáil anseo.
-
Ionchoisní ar chearta sheilbhe talaimh nó ar chiontacht (16ú-18ú haois) -- leabhair agus LSS. Foilsíodh mar leabhair ionchoisní Chúige Laighean (1826) (=Inq. Lag.) agus Chúige Uladh (1829) (=Inq. Ult.) (Inquisitionum in Officio Rotulorum Cancellariae HibeLeabharTeideal iomlán: Ionchoisní ar chearta sheilbhe talaimh nó ar chiontacht (16ú-18ú haois) atá iontu -- leabhair agus LSS. Foilsíodh mar leabhair ionchoisní Chúige Laighean (1826) (=Inq. Lag.) agus Chúige Uladh (1829) (=Inq. Ult.) (Inquisitionum in Officio Rotulorum Cancellariae Hiberniae asservatarum Repertorium I. II). Ní mhaireann na bunscríbhinní as a ndearnadh na cóipeanna seo.