Léim go dtí an bosca cuardaigh

An Coiste Logainmneacha

Tháinig deireadh le téarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha ar an 11 Deireadh Fómhair 2012. Faoi réir chinneadh an Rialtais i dtaca le Plean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, socraíodh go dtiocfadh coiste saineolaithe, a d’fheidhmeodh ar bhonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha, agus go ndéanfaí an obair go príomha ar-líne. Ar an 19 Meán Fómhair 2013, d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go raibh Coiste Logainmneacha ainmnithe aige.

Ceapadh Coiste nua Logainmneacha ar an 11 Eanáir 2020. Is é an príomhdhualgas atá ar an gCoiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Gaeltachta maidir le logainmneacha na hÉireann mar a shainítear iad sin in alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Liosta na n-ionstraimí reachtúla a thugann feidhm d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Baill an Choiste Logainmneacha

  • An tOllamh Liam Mac Mathúna (Cathaoirleach): Iar-Cheann Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD); iar-bhall den Choimisiún Logainmneacha; eagarthóir ar Éigse.
  • An Dr Éamonn Ó hÓgáin: Iar-Eagarthóir agus Bainisteoir ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath.
  • Máire Feiritéar: Saineolaí ar Ghaeilge Chonamara; aoichainteoir ar chláir RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir le Gaeilge agus logainmneacha.
  • Donncha Ó Baoill: Feidhmeannach Forbartha Teanga agus Cultúir, Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall.
  • An Dr Emma Nic Cárthaigh: Duine d’eagarthóirí Foclóir Stairiúil Áitainmneacha Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; léachtóir le Sean-Ghaeilge.
  • An Dr Nollaig Ó Muraíle: Iar-Léachtóir Sinsireach le Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh; saineolaí ar logainmneacha agus ar ghinealaigh na hÉireann.
  • Seosamh Ó Braonáin: Iar-Chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha; iar-chraoltóir le Raidió na Gaeltachta.
  • An Dr Frances Kane: Taighdeoir le Tionscnamh Logainmneacha Thuaisceart Éireann.
  • Dónall Mac Giolla Easpaig: Iar-Phríomh-Oifigeach Logainmneacha, An Brainse Logainmneacha.
  • An Dr Úna Bhreathnach: Bainisteoir Eagarthóireachta/Ollamh Cúnta, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).