Léim go dtí an bosca cuardaigh

Eolas faoin Tionscadal

Tá bunachar sonraí de Logainmneacha na hÉireann cruthaithe ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán).

Áis chuimsitheach bhainistíochta í seo chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar mar aon le taighde oifigeach logainmneacha an Stáit. Áis don phobal atá ann, d’Éireannaigh sa bhaile agus thar lear, agus spreagann sí spéis i saibhreas agus i saíocht logainmneacha na hÉireann.

Cuireadh tús le Céim I den obair in Aibreán 2007 agus seoladh Bunachar Logainmneacha na hÉireann go poiblí ag tús Dheireadh Fómhair 2008. Le linn Chéim II (2009-2010), cuireadh na háiseanna seo a leanas leis an suíomh: comhaid fuaime logainmneacha; áiseanna léarscáilíochta; acmhainní oideachais do dhaltaí bunscoile agus do mhic léinn tríú leibhéal; córas aistriúcháin chun tiontú comhuaineach Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge a dhéanamh ar liostaí logainmneacha; áiseanna breise don phobal ar nós nótaí míniúcháin ar ghnéithe de na logainmneacha; agus íomhánna scanta d’fhianaise staire (faoi ‘Taifid chartlainne’).

Le linn Chéim III (2011-2012), reáchtáladh ceardlann idirnáisiúnta logainmneacha agus foilsíodh imeachtaí na ceardlainne, Placenames Workshop 2012. Cuireadh na háiseanna seo a leanas leis an suíomh freisin: comhaid fuaime le 8 gcontae bhreise; acmhainní oideachais do dhaltaí iar-bhunscoile; cluichí idirghníomhacha do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile; Cartlann Fuaime an Bhrainse Logainmneacha; agus áis chun míreanna coitianta Gaeilge i logainmneacha a mhíniú.

Le linn Chéim IV (2013–2014), rinneadh mórfhorbairt ar eispéireas na n-úsáideoirí agus ar struchtúr an bhunachair; cuireadh gnéithe nua feabhsaithe léarscáilíochta leis an suíomh; rinneadh mórfhorbairt ar an mbailiúchán foinsí; cuireadh breis acmhainní oideachais agus eolais leis an suíomh; agus críochnaíodh amach an obair fuaime. Cuireadh tionscadal Linked Logainm i gcrích freisin.

Le linn Chéim V (2015–2016), forbraíodh tionscadal bailithe mionlogainmneacha ag Meitheal Logainm.ie; cruthaíodh naisc le tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, dúchas.ie; agus leanadh den fhorbairt theicniúil agus eagarthóireachta.

Le linn Chéim VI (2017–2019), reáchtáladh Ceardlann Mionlogainmneacha; cuireadh 8 mbailiúchán nua agus áiseanna taifeadta fuaime le Meitheal Logainm.ie; cuireadh le tacar sráideanna logainm.ie trí chomhoibriú le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann; agus cuireadh teorainneacha geografacha chomh maith le comhéadan feidhmchlár ar logainm.ie.

Tá obair ar Chéim VII (2020-2022) idir lámha faoi láthair agus seo a leanas mórspriocanna na céime:

  • Athfhorbairt logainm.ie agus Meitheal Logainm.ie.
  • Míreanna coitianta Gaeilge i logainmneacha: Beachtú ar an mapáil idir míreanna agus logainmneacha, sannadh míreanna breise, agus forbairt léarscáileanna ardtaifigh.
  • Ceardlann logainmníochta in 2021 (curtha siar go 2022 de bharr COVID-19).
  • Sráidainmneacha Gaeilge: Taighde chun leaganacha cearta Gaeilge a shocrú le haghaidh c.2,000 sráid.

Tá comhoibriú leanúnach ar siúl idir logainm.ie agus Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann chun naisc a chruthú idir an dá bhunachar i gcás logainmneacha atá i bpáirt acu.

Bhuaigh logainm.ie an Séala Eorpach Teanga in 2010 agus ba bhuaiteoir catagóire é ag Gradaim Ríomh-Rialtais na hÉireann, 2011 & 2016.

Faigheann an tionscadal seo tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.
An Crannchur Náisiúnta