API Logainm
Tá sonraí Logainm ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Is féidir sonraí a fháil trí chomhéadan feidhmchláir (API) Logainm.
Tá treoracha agus doiciméadacht i dtaca leis an API ar fáil ar docs.gaois.ie. Chun an API a úsáid, ní mór duit cuntas úsáideora a chruthú ar Mhol na bhForbóirí ar shuíomh gréasáin Gaois.
Tá sonraí Logainm de shíor ag athrú. Moltar duit nuashonruithe a fháil tríd an API agus a chur i bhfeidhm in aon chóip de na sonraí ar bhonn míosúil. Iarrtar ort gan aon teorainn ráta a leagtar síos a shárú.