Ceardlanna
Ceardlann Mionlogainmneacha 2018

Reáchtáil Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, ceardlann chun cúrsaí mionlogainmneacha (logainmneacha nach ainmneacha riaracháin ná ionaid daonra iad) a phlé ar an 17-18 Bealtaine 2018. Idir thaighdeoirí agus bhailitheoirí aonair a thug cainteanna le linn na ceardlainne agus fuarthas léargas ar an obair éagsúil atá idir lámha sa ghort seo anseo in Éirinn agus thar lear. Eagraíodh seisiún praiticiúil faoi úsáid Mheitheal Logainm.ie agus turas treoraithe thart ar cheantar Dhroim Conrach le Séamas Ó Maitiú chomh maith.
Tá clár na ceardlainne le fáil anseo.
Ceardlann Réamhchomhdhála SNSBI 2016

Is é Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, a rinne óstáil ar cheardlann réamhchomhdhála SNSBI ‘Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt’ ar an 14 Aibreán 2016. Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcomhdháil ar fáil ó shuíomh SNSBI anseo.
Seoladh uirlis nua sluafhoinsithe forbartha ag Fiontar, Meitheal Logainm.ie, mar chuid den cheardlann. Tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Comhdháil BISA (British and Irish Sound Archives) 2014
Ó chlé: Ronan Doherty (Comhairleoir deartha), an Dr Brian Ó Raghallaigh (Bainisteoir teicniúil, Fiontar), Michal Boleslav Měchura (Comhairleoir teicniúil, Fiontar), an Dr Pádraig Ó Cearbhaill (Príomhoifigeach Logainmneacha (gníomhach), an Brainse Logainmneacha), an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín (Stiúrthóir tionscadal, Fiontar).
Is é Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a rinne óstáil ar chomhdháil BISA idir 16–17 Bealtaine 2014. Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcomhdháil ar fáil ó shuíomh BISA www.bisa-web.org.
Seoladh leagan breisithe de Bhunachar Logainmneacha na hÉireann agus seirbhís nua léarscáilíochta Gaeilge mar chuid den chomhdháil. Tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Ceardlann Logainmneacha 2012
Ó chlé: Helen Kerfoot (Cathaoirleach, United Nations Groups of Experts on Geographical Names (UNGEGN)), Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD (Aire Stáit na Gaeltachta), an tOll. Brian MacCraith (Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath), Dónall Mac Giolla Easpaig (An Príomhoifigeach Logainmneacha, An Brainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta), an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín (Stiúrthóir tionscadal, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath).
Téama na ceardlainne: Bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar líne
Is é Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a reáchtáil an cheardlann seo idir 24–25 Lúnasa 2012.
Cliceáil anseo chun dul chuig suíomh na ceardlainne.