Taifeadtaí fuaime
Is éard atá sna taifeadtaí fuaime ná logainmneacha a ndearnadh taifeadadh as an nua orthu sa tréimhse 2008-2014 faoi stiúir Fiontar DCU, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Sprioc na dtaifeadtaí fuaime
Is í aidhm na dtaifeadtaí fuaime ná treoir d’fhuaimniú áitiúil na logainmneacha a chur ar fáil don phobal. Ní léiríonn siad, áfach, na miondifríochtaí fuaimnithe a bhíonn le sonrú ó cheantar go ceantar taobh istigh den chontae céanna. D’fhéadfadh difríochtaí a bheith idir na leaganacha taifeadta seo agus fuaimniú áitiúil na logainmneacha ar lámh amháin agus idir iad agus fuaimniú na logainmneacha céanna i réigiúin eile den tír ar an lámh eile.
Catagóirí logainmneacha
Tá taifeadtaí fuaime leis an leagan Gaeilge agus leis an leagan Béarla de logainmneacha atá sna catagóirí seo a leanas:
- Barúntachtaí
- Paróistí dlí
- Toghranna
- Lárionaid daonra
- Príomhainmneacha geografacha
San áireamh freisin tá taifeadtaí fuaime curtha leis na catagóirí seo a leanas:
- Bailte fearainn na gceantar Gaeltachta (an leagan Gaeilge amháin)
- Príomhshráideanna Bhaile Átha Cliath
Cainteoirí
Roghnaíodh cainteoir amháin do gach contae ar leith, cainteoir a tógadh sa chontae agus a raibh eolas aige/aici ar logainmneacha na háite. Sna contaetha Gaeltachta, roghnaíodh cainteoirí dúchais Gaeilge. Sna contaetha eile roghnaíodh cainteoirí Béarla a raibh Gaeilge líofa acu agus a raibh eolas acu ar fhuaimniú na logainmneacha Béarla.
Seo a leanas na cainteoirí:
- Áine Uí Fhoghlú, Co. Phort Láirge. Preasráiteas»
- Joe Ó Domhnaill, Co. Dhún na nGall. Preasráiteas»
- Liam Mac Con Iomaire, Co. na Gaillimhe. Preasráiteas»
- Neasa Ní Chinnéide, Co. Chiarraí Preasráiteas»
- Mathúin Ó Caoimh, Co. Thiobraid Árann. Preasráiteas»
- Fiachra Mac Gabhann, Co. Lú. Preasráiteas»
- Micheál Holmes, Co. Bhaile Átha Cliath. Preasráiteas»
- Póilín Ní Chiaráin, Co. Mhaigh Eo. Preasráiteas»
- Seosamh Mac Muirí, Co. Liatroma. Preasráiteas»
- Pádraig Ó Cearbhaill, Co. Luimnigh. Preasráiteas»
- Pádraic Mac Craith, Co. na Mí. Preasráiteas»
- Micheál Ó Diarmada, Co. Chill Chainnigh. Preasráiteas»
- Éamon de Buitléar, Co. Chill Mhantáin. Preasráiteas»
- Áine Uí Chuill, Co. Chorcaí. Preasráiteas»
- Kevin Murray, Co. Ros Comáin. Preasráiteas»
- Séamus S. de Vál, Co. Loch Garman. Preasráiteas»
- PJ Mac Gabhann, Co. Mhuineacháin. Preasráiteas»
- Úna Uí Rócháin, Co. an Chláir. Preasráiteas»
- Mícheál Ó Mainnín, Co. Shligigh. Preasráiteas»
- Cynthia Ní Mhurchú, Co. Cheatharlach. Preasráiteas»
- Liam Ó Maidín, Co. an Longfoirt. Preasráiteas»
- Aengus Finnegan, Co. na hIarmhí. Preasráiteas»
- Fidelma Ní Ghallchobhair, Co. Chill Dara. Preasráiteas»
- Adrian Ó Brádaigh, Co. Uíbh Fhailí. Preasráiteas»
- Caoimhín Ó Néill, Co. Laoise. Preasráiteas»
- Rióna Ní Fhrighil, Co. an Chabháin. Preasráiteas»
- Tomás Ó Máille, Co. Mhaigh Eo (logainmneacha Dhúiche Sheoigheach).
- Robbie Hannan, Co. an Dúin. Preasráiteas» (taifead déanta 2019)
- Pat McKay, Co. Aontroma. Preasráiteas» (taifead déanta 2020)