Conas cuardach a dhéanamh
Tá trí bhealach ar an suíomh seo chun teacht ar logainmneacha: is féidir logainmneacha a chuardach ceann ar cheann, is féidir brabhsáil a dhéanamh ar an léarscáil idirghníomhach, ag féachaint ar na háiteanna atá ann agus na hainmneacha atá orthu, agus is féidir liostaí logainmneacha a fháil de réir critéar áirithe. Déanann an leathanach seo cur síos ar an gcéad cheann, is é sin, ar an gcuardach.
Tá bosca cuardaigh le fáil faoi bhun na léarscáile ar an leathanach baile agus ag barr gach leathanaigh eile ar chlé i gceanntásc an tsuímh. Ní mór duit an logainm atá uait a scríobh isteach, i nGaeilge nó i mBéarla, agus cliceáil ar an gcnaipe in aice leis an mbosca.
Gheobhaidh tú na torthaí léirithe mar bhioráin inchliceáilte ar an léarscáil agus mar liosta sa cholún láir faoi bhun na léarscáile. B’fhéidir go mbeidh ort an léarscáil a bhogadh chun na torthaí ar fad a fheiceáil. D’fhéadfadh idir áiteanna agus bhraislí áiteanna a bheith ar liosta na dtorthaí. Is éard is braisle áiteanna sa bhunachar seo ná tacar aonad riaracháin geografach ar leith arb ionann iad go coincheapúil ó dhearcadh an ghnáthúsáideora, e.g. ‘Dún na nGall’ (contae, paróiste dlí, baile fearainn, baile, toghroinn).
Is féidir leat cliceáil ar cheann ar bith de na torthaí sin, ar an léarscáil nó sa liosta, chun tuilleadh sonraí i dtaobh na háite (nó i dtaobh na braisle áiteanna) a fheiceáil. Má chliceálann tú ar bhiorán ar an léarscáil, tiocfaidh bosca aníos ar an léarscáil le sonraí téacsacha. Is féidir cliceáil ar an mbosca aníos chun dul chuig leathanach sonraí na háite. Sa chás nach bhfuil ach toradh amháin ar do chuardach, tabharfar díreach go dtí leathanach sonraí na háite (nó na braisle áiteanna) sin thú.
Bíonn an léarscáil le feiceáil ag barr an leathanaigh de ghnáth, agus léirítear sonraí áite ar an léarscáil agus faoina bhun. Sa chás nach bhfuil comhordanáidí áite sa bhunachar, léireofar sonraí na háite gan léarscáil. Tá comhordanáidí le formhór na n-áiteanna atá sa bhunachar. I gcásanna áirithe, bíonn na comhordanáidí cruinn, i gcásanna eile, ní bhíonn iontu ach neastacháin. Marcáiltear comhordanáidí neasaithe le spota mór gorm faoin mbiorán ar an léarscáil.
Is feidir brabhsáil idir na háiteanna leithleacha i mbraisle áiteanna. Feicfidh tú naisc chuig na háiteanna atá sa bhraisle ina dtáib faoi bhun na léarscáile agus os cionn na sonraí áite.
Feicfidh tú ‘Nasc buan’ ag bun na sonraí áite. Is nasc buan uathúil é seo chuig an áit áirithe sin sa bhunachar agus is féidir an nasc a roinnt le daoine. Tá uimhir uathúil ag deireadh gach naisc. Is féidir leat teacht ar logainm sa bhosca cuardaigh ach a uimhir a scríobh isteach, agus cliceáil ar an gcnaipe in aice leis an mbosca.
Logainmneacha cosúla
Tar éis duit cuardach a dhéanamh, is minic a fheicfidh tú liosta faoi bhun an bhosca cuardaigh ar leathanach na dtorthaí dár teideal ‘Logainmneacha cosúla’. Anseo, tugann an t-inneall cuardaigh liosta duit de logainmneacha eile sa tír atá cosúil (ó thaobh litrithe de) leis an logainm a scríobh tú isteach. Mar shampla, más Cathair Saibhín a scríobh tú isteach, molfar Cathair Saidhbhín. Tá an áis seo úsáideach mura bhfuil tú cinnte conas logainm a litriú.
Logainmneacha gaolmhara
Tar éis duit cuardach a dhéanamh, is minic a fheicfidh tú liosta faoi bhun an bhosca cuardaigh ar leathanach na dtorthaí dár teideal ‘Logainmneacha gaolmhara’. Anseo, tugann an t-inneall cuardaigh liosta duit de logainmneacha eile sa tír atá gaolta leis an logainm a scríobh tú isteach. Mar shampla, más Lismore a chuardaigh tú, gheobhaidh tú ainmneacha anseo ar nós Lismore and Mocollop, Lismore Demesne agus Lismore Road. Má chuardaíonn tú rud éigin ar nós Baile Mór, gheobhaidh tú An Baile Mór anseo.