Léim go dtí an bosca cuardaigh

Conas brabhsáil a dhéanamh

Is féidir leat eolas a chur ar logainmneacha na hÉireann ach brabhsáil a dhéanamh i gceantar áirithe ar an léarscáil idirghníomhach.

Is féidir filleadh ar an leathanach baile am ar bith ach cliceáil ar an lógó ar chlé ag barr gach leathanaigh.

Conas an léarscáil a bhogadh

Is féidir an léarscáil a bhogadh ach cléchliceáil ar an luchóg agus do mhéar a choinneáil ar an gcnaipe fad is atá tú ag tarraingt na léarscáile.

Conas zúmáil isteach agus amach ar an léarscáil

Tá dhá bhealach chun zúmáil isteach agus amach ar an léarscáil:

  • Siombailí: Is féidir cliceáil ar na siombailí plus nó míneas ag barr na léarscáile ar chlé. Cliceáil ar + chun zúmáil isteach agus cliceáil ar - chun zúmáil amach.
  • Leibhéil zúmála: Is féidir na naisc mearzúmála a úsáid ach cliceáil ar ‘Mearzúmáil’ ag bun na léarscáile ar chlé. Tógfaidh siad tú díreach chuig leibhéil zúmála réamhshocraithe na gcontaetha, na mbarúntachtaí, na bparóistí dlí agus na mbailte fearainn.

Uirlisí breise

Tá ceithre uirlis bhreise ar fáil sa bharra uirlisí:

  • ‘Méadaigh an léarscáil’: Má chliceálann tú air seo, osclófar léarscáil lánscáileáin. Chun filleadh ar an ngnáthléarscáil, cliceáil ar ‘Laghdaigh an léarscáil’, nó cliceáil ar lógó an tsuímh sa cheanntásc chun filleadh ar an leathanach baile.
  • ‘Logainmneacha timpeall orm’: Má chliceálann tú air seo, gheobhaidh tú liosta áiteanna atá gar do do láthair reatha. Tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach ‘Geoshuíomh’.
  • ‘Cá bhfuil mé?’: Má chliceálann tú air seo, bogfar lár na léarscáile go dtí an láthair ina bhfuil tú. Faigheann an suíomh eolas faoin áit a bhfuil tú ó do bhrabhsálaí. An chéad uair a úsáideann tú an áis seo, ba cheart go gcuirfeadh do bhrabhsálaí ceist ort an bhfuil fonn ort an láthair ina bhfuil tú a nochtadh do logainm.ie. Tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach ‘Geoshuíomh’.
  • Áiteanna sa chóngar: Má chliceálann tú air seo, gheobhaidh tú liosta áiteanna atá gar do lár na léarscáile reatha. Is é ‘Logainm an lae’ a bhíonn i lár na léarscáile nuair a thagann tú chuig an leathanach baile ar dtús. Liostáiltear suas le 500 toradh in ord cóngarachta ón suíomh is cóngaraí don phointe láir go dtí an ceann is faide ar shiúl, taobh istigh de gha 3,000 méadar.