Léim go dtí an bosca cuardaigh

Conas na huirlisí geoshuímh a úsáid

Cuirtear áiseanna áirithe geoshuímh ar fáil mar chuid de na léarscáileanna idirghníomhacha ar logainm.ie. Is féidir teacht ar na háiseanna seo sa bharra uirlisí ag bun na léarscáileanna, taobh leis an gcnaipe mearzúmála. Cuireann na háiseanna seo ar chumas na n-úsáideoirí eolas a chur ar logainmneacha i gcomhthéacs na timpeallachta fisiciúla ina bhfuil siad. Chun na háiseanna seo a úsáid is gá sonraí geoshuímh a bheith ar fáil ar an ngléas atá á úsáid agat agus ní mór brabhsálaí nua-aimseartha a bheith in úsáid agat. Déantar cur síos thíos ar na háiseanna geoshuímh atá ar fáil agus tugtar comhairle maidir le seirbhísí geoshuímh a chumasú ar an ngléas atá in úsáid agat.

Barra uirlisí na léarscáile

Logainmneacha timpeall orm

Déantar cliceáil ar dheilbhín an bhioráin sa bharra uirlisí leis an áis seo a úsáid. Déanann an áis seo do shuíomh reatha a mheas agus nochtar liosta de na logainmneacha atá i mBunachar Logainmneacha na hÉireann agus atá i gcóngar duit ar leathanach nua. Liostáiltear suas le 500 toradh in ord cóngarachta ón suíomh is cóngaraí duit go dtí an ceann is faide ar shiúl, taobh istigh de gha 3,000 méadar. Is ionann an spota buí ar an léarscáil agus do shuíomh reatha, bunaithe ar na sonraí a fuarthas ó do ghléas. Cuireann an áis seo ar chumas na n-úsáideoirí dul i ngleic le saibhreas na logainmneacha atá thart timpeall orthu áit ar bith in Éirinn.

Cnaipe Logainmneacha Timpeall Orm

Cá bhfuil mé?

Déantar cliceáil ar dheilbhín an duine sa bharra uirlisí leis an áis seo a úsáid. Déanann an áis seo do shuíomh reatha a thaispeáint i gcomhthéacs na léarscáile áirithe atá in úsáid agat. Is ionann an spota buí ar an léarscáil agus do shuíomh reatha, bunaithe ar na sonraí a fuarthas ó do ghléas. Bheadh an áis seo úsáideach más mian leat suíomh logainm nó logainmneacha áirithe a thuiscint i gcoibhneas le do shuíomh fisiciúil féin.

Cnaipe Cá bhFuil Mé?

Gléasanna agus earráidí coitianta

Chun leas a bhaint as na háiseanna thuasluaite ní mór sonraí geoshuímh a bheith ar fáil ar an ngléas atá in úsáid agat. Sa lá atá inniu ann is iondúil go mbíonn teacht ar shonraí chóras suite domhanda (GPS) nó ar shonraí geoshuímh a bhaineann le do líonra móibíleach ar ghléasanna móibíleacha ar nós fóin chliste. I gcás ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine bíonn fáil ar shonraí geoshuímh trí líonraí WiFi agus eile, uaireanta, ach ní amhlaidh atá i gcónaí. Sa chás nach bhfuil fáil ar na sonraí seo taispeántar teachtaireacht earráide ar an léarscáil: ‘Ní rabhthas in ann do shuíomh a mheas’. Cúis eile a d’fhéadfadh a bheith leis an teachtaireacht seo ná go bhfuil seirbhísí geoshuímh múchta ar an ngléas atá in úsáid agat. Moltar duit do chuid socruithe ar an ngléas a sheiceáil agus seirbhísí geoshuímh a chumasú más gá.

Teastaíonn brabhsálaí nua-aimseartha freisin chun leas a bhaint as na háiseanna geoshuímh. Níor chóir go mbainfeadh deacracht le haon leagan de Mozilla Firefox, Google Chrome nó Microsoft Edge a eisíodh ó 2015 i leith. Sa chás nach bhfuil sé d’acmhainn ag do bhrabhsálaí leas a bhaint as áiseanna geoshuímh cuirtear na cnaipí agus na rialtáin a bhaineann leo ar logainm.ie i bhfolach. Is minic go n-iarrfaidh an brabhsálaí ort cead a thabhairt do logainm.ie leas a bhaint as do chuid sonraí geoshuímh. Caitear an cead seo a thabhairt nó taispeánfar teachtaireacht earráide: ‘Ceadaigh úsáid seirbhísí geoshuímh, le do thoil.’ Déantar an chumarsáid idir do ghléas agus suíomh logainm.ie a inchriptiú agus ní dhéantar taifead de ná stóráil ar do chuid sonraí geoshuímh.

Nóta: Más é Android an córas oibriúcháin atá in úsáid agat agus níl ag éirí leat na háiseanna geoshuímh seo a chur ag obair, is minic gur féidir an fhadhb seo a réiteach ach an mód geoshuímh ar an ngléas a athrú ó ‘Device only’ (GPS amháin) go ‘High accuracy’ (GPS, Wi-Fi, Bluetooth, GSM etc.).

Nóta: Más é Safari ar Mac OS an brabhsálaí atá in úsáid agat agus níl ag éirí leat na háiseanna geoshuímh seo a chur ag obair, moltar duit dul isteach sna socruithe ar do ríomhaire agus cinntiú go bhfuil Safari cumasaithe faoin gcluaisín ‘Location Services‘.

Cruinneas

Bíonn cruinneas na gcomhordnáidí a fhaightear ó ghléasanna úsáideoirí ag brath ar go leor cúinsí: cineál an ghléis, oiread na líonraí gan sreang atá timpeall ar an úsáideoir, cé acu sonraí GPS nó sonraí eile atá á gcur ar fáil etc. Is fiú i gcónaí triail a bhaint as na háiseanna geoshuímh níos mó ná uair amháin agus i suímh dhifriúla mar ní gá gurb ionann go baileach na torthaí a fhaightear gach uair.