Léim go dtí an bosca cuardaigh

Liostaí logainmneacha

Sa bhreis ar an gcuardach, is féidir an suíomh seo a úsáid chun liostaí logainmneacha a fháil. Tá dhá bhealach chun teacht ar na liostaí seo: leis an léarscáilín inchliceáilte atá ar an leathanach baile, agus leis na naisc ordlathais a thaispeántar do gach áit.

Léarscáilín inchliceáilte

Ar an leathanach baile, tá léarscáilín na hÉireann sa cholún ar dheis agus imlínte na gcontaetha air. Is féidir cliceáil ar chontae ar bith chun liosta dá bhfuil sa chontae sin a fháil.

Tar éis duit cliceáil ar an gcontae, is é a gheobhaidh tú ná liosta na bhfo-aonad ar fad atá sa chontae. Léiríonn na figiúir idir lúibíní a mhinice a fhaightear gach cineál fo-aonaid sa chontae áirithe sin. Is féidir leat cliceáil ar na fo-aonaid ar leith chun liosta díobh a fháil. Is féidir an áis ‘Scag de réir catagóire’ ar chlé a úsáid chun catagóir a roghnú, mar shampla chun liosta na mbailte, na bparóistí dlí nó na n-aibhneacha sa chontae a fháil. I gcónaí, is féidir leat cliceáil ar cheann ar bith de na torthaí agus gheobhaidh tú tuilleadh sonraí i dtaobh na háite.

Naisc ordlathais

córas riaracháin na tíre eagraithe go hordlathach. Is é an contae an t-aonad riaracháin is airde. Is í an bharúntacht an dara haonad riaracháin, díreach faoi bhun an chontae. Déantar na barúntachtaí a roinnt ina bparóistí dlí, agus na paróistí dlí ina mbailte fearainn. Baintear úsáid as toghranna chomh maith chun críche áirithe sa riarachán. Sa bhreis orthu seo, tá eolas sa bhunachar ar an-chuid aonad geografach eile nach aonaid riaracháin iad, mar shampla aibhneacha, sléibhte agus oileáin. Tá na haonaid seo ar fad ceangailte le chéile sa bhunachar i líonra mór ordlathach a chlúdaíonn an tír ar fad.

Is féidir bogadh anonn is anall tríd an líonra seo ach úsáid a bhaint as na naisc atá ar fáil le gach áit. Feicfidh tú na naisc sa cholún ar dheis agus tú ag féachaint ar shonraí téacsacha áite. Nuair a chuireann tú an luchóg ar na hainmneacha, folínítear iad agus is féidir leat cliceáil orthu:

  • Má tá tú ag féachaint ar shonraí áite atá sách íseal san ordlathas, abair baile fearainn éigin, gheobhaidh tú liosta ina dtaispeánfar an paróiste, an bharúntacht agus an contae ina bhfuil an baile fearainn sin. Is féidir cliceáil orthu go léir chun a gcuid sonraí a fheiceáil.
  • Má tá tú ag féachaint ar shonraí áite atá sách ard san ordlathas, abair barúntacht éigin, gheobhaidh tú liosta de na cineálacha fo-aonad atá ann. Mar shampla, agus tú ag féachaint ar bharúntacht an Inbhir Mhóir i gContae Chill Mhantáin, feicfidh tú go bhfuil 5 bhaile ann, 13 pharóiste, 3 abhainn, agus mar sin de. Is féidir leat cliceáil orthu seo chun liosta díobh a fheiceáil sa cholún ar dheis, mar shampla liosta na bparóistí atá sa bharúntacht áirithe seo.