Léim go dtí an bosca cuardaigh

Léarscáilíocht

Seoladh leagan breisithe de Bhunachar Logainmneacha na hÉireann agus seirbhís nua léarscáilíochta Gaeilge i mí Bealtaine 2014 (preasráitis anseo). Rinneadh athdhearadh iomlán ar an suíomh chun é a dhéanamh níos tarraingtí, níos áisiúla agus níos fusa le brabhsáil.

Cuireadh léarscáileanna Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) leis an leagan nua den suíomh. Táirge léarscáilíochta úrnua ab ea an leagan Gaeilge, MapGenie Éire, i 2014. Úsáideann sé sonraí léarscáilíochta ó OSi agus na leaganacha oifigiúla Gaeilge de na logainmneacha ó Bhunachar Logainmneacha na hÉireann.

Tháinig ann do MapGenie Éire mar gheall ar chomhoibriú idir Fiontar DCU, an Brainse Logainmneacha, agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. Tá na trí eagraíocht ag obair le chéile ó 2010 chun sonraí an Bhrainse Logainmneacha a nascadh le sonraí OSi. Chuir sé sin ar chumas OSi leagan Gaeilge de MapGenie a chruthú bunaithe ar eolas logainmníochta ón mBrainse Logainmneacha. Bhí uasdátú ar MapGenie i gceist chomh maith atá anois suite ar infreastruchtúr athléimneach néalbhunaithe.


Seoladh Logainm 3.0 le OSi
Ó chlé: an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín (Stiúrthóir tionscadal, Fiontar), an Dr Brian Ó Raghallaigh (Bainisteoir teicniúil, Fiontar), Michal Boleslav Měchura (Comhairleoir teicniúil, Fiontar), Maria Byrne (OSi), Colin Bray (CEO, OSi), Mairéad Nic Lochlainn (Eagarthóir taighde, Fiontar).


Seoladh Logainm 3.0 le OSi
Ó chlé: Mairéad Nic Lochlainn (Eagarthóir taighde, Fiontar), an Dr Úna Bhreathnach (Bainisteoir eagarthóireachta, Fiontar), Ronan Doherty (Comhairleoir deartha, Fiontar), an Dr Brian Ó Raghallaigh (Bainisteoir teicniúil, Fiontar), Michal Boleslav Měchura (Comhairleoir teicniúil, Fiontar), an Dr Pádraig Ó Cearbhaill (Príomhoifigeach Logainmneacha (gníomhach), an Brainse Logainmneacha), an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín (Stiúrthóir tionscadal, Fiontar), an Dr Gearóid Ó Cleircín (Bainisteoir eagarthóireachta, Fiontar), an Dr Aengus Finnegan (Eagarthóir taighde, Fiontar), Clare Coughlan (Riarthóir tionscadal taighde, Fiontar).


Seoladh Logainm 3.0 le OSi
Ó chlé: Ronan Doherty (Comhairleoir deartha), an Dr Brian Ó Raghallaigh (Bainisteoir teicniúil, Fiontar), Michal Boleslav Měchura (Comhairleoir teicniúil, Fiontar), an Dr Pádraig Ó Cearbhaill (Príomhoifigeach Logainmneacha (gníomhach), an Brainse Logainmneacha), an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín (Stiúrthóir tionscadal, Fiontar).


Seoladh Logainm 3.0 le OSi
Ó chlé: Aoife Shinners (OSi), Maria Byrne (OSi), Colin Bray (CEO, OSi), Hugh Mangan (OSi), Mairead Harrington (OSi), Tony Murphy (OSi).


Seoladh Logainm 3.0 le OSi
Ó chlé: Dónall Mac Giolla Easpaig (Iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha, an Brainse Logainmneacha), an Dr Ciarán Mac Murchaidh (Ceann Scoile, Fiontar).