Léim go dtí an bosca cuardaigh

Foinsí

timpeall 7,000 foinse i mbunachar sonraí logainm.ie faoi láthair. Is ar obair thaighde an Bhrainse Logainmneacha atá an liosta foinsí seo bunaithe.

Stair an bhailiúcháin

Cuireadh an t-eolas seo le chéile thar thréimhse fhada. Sa bhliain 1946 a cuireadh an Coimisiún Logainmneacha ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann. Bhí comhfhreagras áirithe faoi leaganacha Gaeilge logainmneacha curtha sa siúl ag an gCoimisiún go gairid ina dhiaidh sin. Toisc go raibh cúraimí eile ar bhaill an Choimisiúin, taobh amuigh den logainmníocht, bunaíodh Brainse Logainmneacha lánaimseartha sa bhliain 1956 a bhí ina chuid den tSuirbhéireacht Ordanáis. Is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán atá sa Bhrainse Logainmneacha ón mbliain 1999.

Ba é socrú ainmneacha Gaeilge na mbailte poist in Éirinn an chéad chúram mór a leagadh ar an mBrainse Logainmneacha i gcomhar leis an gCoimisiún Logainmneacha. Is ar chártaí innéacs a breacadh an t-eolas stairiúil faoi na logainmneacha ar dtús. Tá íomhánna scanta de na cártaí go léir, nach mór, le feiceáil ar logainm.ie agus iad nasctha leis na logainmneacha cuí. Ceadaíodh iliomad saothar stairiúil nuair a bhí an obair thaighde ar siúl, chomh maith le foilseacháin ón bhfichiú haois inar moladh litriú Gaeilge logainmneacha. Cuireadh an litriú a moladh sna foinsí tánaisteacha sin ar na cártaí innéacs freisin. Seo cuid de na leabhair úd a ceadaíodh, mar aon leis na noda a ceapadh dóibh ar na cártaí innéacs:

Saothar eile a ceadaíodh nuair a bhí taighde ar siúl ar ainmneacha na bpostoifigí ná léarscáil Gaeilge d’Éirinn ar an scála 1:500,000 a foilsíodh in 1938; is i gcomhairle le Fiachra Éilgeach agus leis an Athair Pól Breathnach a socraíodh na logainmneacha dó sin. Tá íomhá den léarscáil úd ar fáil anseo.

As cáipéisí de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis (SO), a cuireadh ar bun in Éirinn in 1824, is ea a baineadh a lán de na foinsí, as Ainmleabhair Pharóiste na Suirbhéireachta (AL) go mórmhór agus as cáipéisí eile a thionscain an SO leis, ar nós Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (LSO) agus na ‘Memoranda’ (Mem. SO). Is léir ón liosta foinsí atá anseo gur ceadaíodh mórchuid finnéithe comhaimseartha agus faisnéiseoirí, chomh maith le cáipéisí éagsúla, idir cháipéisí stairiúla agus comhaimseartha, fad a bhí obair sin na chéad Suirbhéireachta Ordanáis ar siúl go dtí 1846.

Ar ndóigh tá ainmneacha na scoláirí Gaeilge a bhí fostaithe ag an SO chun eolas a bhailiú faoi logainmneacha luaite sa liosta foinsí chomh maith, ar nós John O’Donovan/Seán Ó Donnabháin (OD), Eugene (O’) Curry/Eoghan Ó Comhraí (EC), Thomas O’Conor/Tomás Ó Conchúir (OC), Patrick O’Keefe/Pádraig Ó Caoimh (OK).

Taobh amuigh d’fhoinsí na Suirbhéireachta Ordanáis, is iomaí saghas foinse a luaitear sa liosta seo a cheadaigh foireann an Bhrainse Logainmneacha i rith na mblianta sa taighde leanúnach a bhí agus atá ar siúl acu ar logainmneacha na hÉireann: leabhair, ailt i dtréimhseacháin agus i bhfoilseacháin eile, foclóirí, léarscáileanna, lámhscríbhinní etc.

Nóta faoin obair eagarthóireachta ar an mbailiúchán

D’athraigh na slite a bhí ag an mBrainse Logainmneacha chun fianaise stairiúil logainmníochta a thaifeadadh agus a chur i láthair le himeacht aimsire. Tá na hathruithe sin le tabhairt faoi deara ar na taifid chartlainne a ghabhann lena lán de na logainmneacha ar shuíomh logainm.ie, mar a bhfuil íomhánna de chártaí innéacs lámhscríofa agus de leathanaigh chlóscríofa A4, i dteannta na dtaifead téacs atá á n-ionchur sa bhunachar sonraí i bhformáid leictreonach faoi láthair. Toisc gur bhailigh taighdeoirí éagsúla an t-ábhar ón iliomad foinsí a bhí in úsáid ag an mBrainse Logainmneacha thar thréimhse fhada, ní raibh córas na nod a ceapadh de réir a chéile. Sa bhailiúchán leictreonach seo, féachadh leis na dúbailtí a chumasc nuair a bhí noda éagsúla ag tagairt don saothar céanna agus tugadh na noda chun rialtachta a oiread agus ab fhéidir.

Tá eagarthóireacht áirithe déanta ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge ar an mbailiúchán, de réir chomhairle an Bhrainse Logainmneacha:

  • Ba í an phríomhthosaíocht ná an oiread ab fhéidir de na dúbailtí a bhí sa bhailiúchán a aithint agus a chumasc.
  • I measc na leasuithe eile atá déanta, tá iarracht déanta ar chuid de na noda a bhí gan teideal nó téacs mínithe a scaoileadh.
  • I gcásanna eile, leasaíodh teidil nó téacsanna mínithe a bhí lochtach nó easnamhach.
  • Cuireadh cineál foinse ar nós ‘leabhar’, ‘lámhscríbhinn’ nó ‘léarscáil’ le roinnt mhaith foinsí agus beachtaíodh an cineál foinse a bhí luaite i gcásanna eile.

Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil eagarthóireacht chríochnúil déanta ar an mbailiúchán, agus go bhfuil an obair idir lámha i gcónaí.

  • Níor aithníodh gach dúbailt go fóill.
  • Níor cuireadh teideal iomlán ná téacs mínithe dátheangach le gach foinse go fóill ach oiread.
  • I roinnt cásanna tugtar ‘foinse iompórtáilte’ mar chineál foinse. Is ionann é seo agus foinse a iompórtáladh sa bhunachar ach nach ndearnadh eagarthóireacht uirthi go fóill.
  • I gcás na mílte foinsí a bhaineann le AL, tá go leor tagairtí d’fhaisnéiseoirí a thug foirmeacha logainmneacha don SO sna 1830idí/1840idí. Is minic nach dtugtar ach inisealacha agus sloinne an duine sa bhunfhoinse (AL). Tá cuid bheag acu seo aitheanta againn, agus an téacs ‘finné in AL’ luaite leo. Féach mar shampla Mahoney, D.:AL. Tá súil againn tuilleadh acu seo a aithint agus ainmneacha iomlána na ndaoine a dhéanamh amach de réir a chéile. Cuirfear an contae lenár bhain an finné in iúl freisin, más féidir, amach anseo. I gcás roinnt foinsí eile a luaitear in AL (ar nós Inq. Gul et Mar:AL), cuireadh an téacs ‘foinse in AL’ leo. Tá súil againn cur leis an eolas a thugtar ar na foinsí seo de réir a chéile.

Cuirfear fáilte roimh aiseolas agus roimh cheartúcháin (logainm@dcu.ie).

Nóta faoin gcuardach

Is cuardach simplí é seo. Ní féidir saoróga a úsáid. Is féidir (a) cuardach a dhéanamh ar thús teidil nó ar thús giorrúcháin, nó (b) cuardach a dhéanamh ar fhoinse nó ar ghiorrúchán ina iomláine. Ba cheart cineál cuardaigh (a) nó (b) a roghnú faoin mbosca cuardaigh sula scríobhtar teaghrán cuardaigh isteach sa bhosca. Nuair atá cineál cuardaigh roghnaithe agus teaghrán cuardaigh ionchurtha, brúitear ‘Return’ nó cliceáiltear ‘Cuardaigh »’. Is féidir leis an inneall cuardaigh suas le deich dtoradh ón mbailiúchán a sholáthar. Ní bhíonn na torthaí cuardaigh seo in ord faoi leith.