Léim go dtí an bosca cuardaigh

Linked Logainm

Tá sonraí logainm.ie ar fáil i bhformáidí éagsúla atá inléite ag ríomhairí. Tá fáilte roimh aon duine úsáid a bhaint as na sonraí seo chun a gcuid feidhmchlár féin a chruthú nó chun sonraí logainmníochta a tharraingt isteach i bhfeidhmchláir ar ann dóibh cheana. Mar chuid de thionscadal Linked Logainm a forbraíodh an áis seo i 2013, ar chomhthionscadal é idir Fiontar (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath), an Brainse Logainmneacha (an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán), DRI (Taisclann Dhigiteach na hÉireann), DERI (an Institiúid um Thaighde ar an bhFiontraíocht Dhigiteach) agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Na sonraí atá ar fáil

  • Agus tú ag féachaint ar shonraí áite faoi leith ar an suíomh seo, tá nasc ar fáil ag bun an leathanaigh chuig sonraí na háite i bhformáidí éagsúla, mar shampla RDF, XML agus JSON. Is féidir le feidhmchláir sheachtracha na sonraí seo a úsáid ar bhealach beo, ar líne, mar shonraí nasctha.

Is féidir na sonraí seo a athúsáid faoi théarmaí an cheadúnais Open Database License (ODbL) v1.0.

Eolas breise