Foinsí
Seo áis lenar féidir cuardach a dhéanamh ar c.7,000 foinse a cheadaigh an Brainse Logainmneacha agus taighde á dhéanamh ar fhianaise stairiúil logainmníochta in imeacht na mblianta. Cé go bhfuil eagarthóireacht áirithe déanta ar an ábhar, ba chóir glacadh leis go bhfuil neamhréireachtaí agus dúbailtí ann. Tá tuilleadh eolais faoi fhorbairt agus úsáid na háise le fáil anseo.
-
Jacob Nevill's map of Co. Wicklow, 1760.LéarscáilBliain foilsithe: 1760; Nóta: Luaitear é seo i measc foinsí Liam Price in The placeÁnames of Co. Wicklow. Thug sé 'N.' mar nod air. Luann Price foinse eile 'A.R. Nevill's Map of Co. Wicklow, dated about 1810, a dtugann sé an nod 'NA.' air. Ar eagla na míthuisceana chuir mé dáta na foinse seo isteach sa nod. Níl an fhoinse áirithe seo againn sa tSuirbhéireacht.