Gluais & Léarscáileanna dáileacháin
Tabhair faoi deara: Tá an ghluais seo, a thugann spléachadh ar fhocail a fhaightear go coitianta i logainmneacha na hÉireann, bunaithe ar chuardaigh uathoibríocha téacs. Seasann na poncanna glasa d'ainmneacha aonad riaracháin agus seasann na poncanna dearga do mhionlogainmneacha. Cé go bhfuil seiceáil eagarthóireachta déanta agus á déanamh go leanúnach ar na torthaí, ní gá go mbeidís uile ceart (is féidir earráidí a lua le logainm@dcu.ie). Chomh maith leis sin, tá logainmneacha áirithe nach bhfuil innéacsú déanta orthu go fóill, mar shampla (i) na logainmneacha i dTuaisceart Éireann nach bhfuil ainmneacha Gaeilge socraithe ina dtaobh go fóill agus (ii) logainmneacha nach bhfuil sa bhunachar in aon chor, mar shampla mionainmneacha áirithe. Féach graf na logainmneacha atá socraithe ó chontae go contae anseo.
-
abhainn (freisin: abha)
- Míniú i mBéarla
- river
- Samplaí
- An Abhainn Mhór, An Abha Mhuimhneach, Bun Abhann Dalla, Cois Abha Móire
-
achadh (freisin: -ach)
- Míniú i mBéarla
- field
- Samplaí
- Achadh an Dá Chora, Garbhachadh, Ardach
-
aill (freisin: faill)
- Míniú i mBéarla
- cliff
- Samplaí
- An Aill Mhór, Dún Aille, Dumha Cinn Aille, An Fhaill Dearg, Faill an Fhraoigh, Cnoc na Faille, Mucalta
-
aiteann (freisin: aitinn, aitinne)
- Míniú i mBéarla
- furze, gorse
- Samplaí
- Ard Aitinn, Inse an Aitinn, Cnoc na hAitinne, Mullán Aitinne
-
allt (freisin: ailt, alt)
- Míniú i mBéarla
- steep-sided glen, height, cliff
- Samplaí
- An tAllt Beag, Allt Bhéalada, Ailt an Chorráin, Alt na Meacan