Gluais & Léarscáileanna dáileacháin (C)
Tabhair faoi deara: Tá an ghluais seo, a thugann spléachadh ar fhocail a fhaightear go coitianta i logainmneacha na hÉireann, bunaithe ar chuardaigh uathoibríocha téacs. Seasann na poncanna glasa d'ainmneacha aonad riaracháin agus seasann na poncanna dearga do mhionlogainmneacha. Cé go bhfuil seiceáil eagarthóireachta déanta agus á déanamh go leanúnach ar na torthaí, ní gá go mbeidís uile ceart (is féidir earráidí a lua le logainm@dcu.ie). Chomh maith leis sin, tá logainmneacha áirithe nach bhfuil innéacsú déanta orthu go fóill, mar shampla (i) na logainmneacha i dTuaisceart Éireann nach bhfuil ainmneacha Gaeilge socraithe ina dtaobh go fóill agus (ii) logainmneacha nach bhfuil sa bhunachar in aon chor, mar shampla mionainmneacha áirithe. Féach graf na logainmneacha atá socraithe ó chontae go contae anseo.
-
caiseal
- Míniú i mBéarla
- stone ring-fort
- Samplaí
- Caiseal, Caiseal na gCorr, Gleann Chaisil, Cnoc na gCaiseal
-
caol
- Míniú i mBéarla
- narrow; a narrow; marshy stream
- Samplaí
- An Caol, An Drom Caol, Loch na dTrí gCaol,
-
carn
- Míniú i mBéarla
- cairn, pile of rocks
- Samplaí
- Carn Albanach, Droim Cairn, Ráth Chairn
-
carraig
- Míniú i mBéarla
- rock
- Samplaí
- Carraig Fhearghais, Séipéal na Carraige, An Dúcharraig
-
cé (freisin: céibh)
- Míniú i mBéarla
- quay
- Samplaí
- Cé Bhréanainn, Cé na Coise, An Chéibh Nua, Cloch na Céibhe
-
ceann (freisin: cionn)
- Míniú i mBéarla
- head, headland
- Samplaí
- An Ceann Caol, Loch Ceann, Na Seacht gCeanna, An Cionn Bán
-
ceapach (freisin: ceapaigh)
- Míniú i mBéarla
- plot of land, tillage plot
- Samplaí
- Ceapach Choinn, Ceapaigh an Lao, Coill na Ceapaí, Na Ceapacha Caola
-
ceathrú
- Míniú i mBéarla
- quarterland
- Samplaí
- An Cheathrú Rua, Na Ceathrúna, Achadh na gCeathrún, An Leathcheathrú
-
clais
- Míniú i mBéarla
- trench, ravine
- Samplaí
- Clais an Ghainimh, An Chlais Rua, Port na Claise
-
clár
- Míniú i mBéarla
- plank bridge; plain
- Samplaí
- An Clár, Cuar an Chláir, Baile Chláir, Maigh gCláir
-
cliath
- Míniú i mBéarla
- hurdle, wattle
- Samplaí
- Baile Átha Cliath, Cill Chléithe, Achadh na Cléithe, Tír na gCliath, An Chliath Bhuí, Cléithchoill
-
cloch (freisin: cloich)
- Míniú i mBéarla
- stone, stone building
- Samplaí
- Cloch Fhrainc, Cloich na Coillte, Áth na Cloiche, Na Clocha Dubha
-
clochán
- Míniú i mBéarla
- stepping-stones, causeway; old stone structure
- Samplaí
- Clochán an Aifir, An Clochán Liath, Corr Chlocháin
-
clochar (freisin: cloichear)
- Míniú i mBéarla
- stony place
- Samplaí
- An Clochar Riabhach, Cloichear Bhriain
-
cluain (freisin: cluaine)
- Míniú i mBéarla
- meadow, pasture
- Samplaí
- Cluain Oscair, Cluaine, Domhnach Cluana
-
coill (freisin: coillidh, coillte, coille)
- Míniú i mBéarla
- wood
- Samplaí
- Coill an Ghleanna, Coillte, Coillidh Léith, Creamhchoill
-
coimín
- Míniú i mBéarla
- commonage, common land; little hollow, glen
- Samplaí
- An Coimín, Buaile an Choimín, Loch Choimín Piast
-
coll (freisin: call)
- Míniú i mBéarla
- hazel
- Samplaí
- Ard an Choill, Collchoill, An Call Mór, Scallchoill
-
com
- Míniú i mBéarla
- hollow, coomb
- Samplaí
- Com an Áir, Gleann an Choim, Pointe an Choma Dhóite
-
comar
- Míniú i mBéarla
- confluence; meeting-place
- Samplaí
- An Comar, Cluain Comair, Maigh Chomair, Caisleán an Chomair
-
cora (freisin: coraidh, corann)
- Míniú i mBéarla
- weir, stone-fence, ford
- Samplaí
- An Chora Liath, An Dúchoraidh, Abhainn na Cora, Mainistir na Corann
-
corr
- Míniú i mBéarla
- round hill, pointed hill, hollow; pointed, conspicuous, odd
- Samplaí
- Corr an Aoire, An Corrbhaile, Bóthar na gCorr
-
cos (freisin: cois)
- Míniú i mBéarla
- foot; beside
- Samplaí
- Cos an Mhuine, An Chois, Cois Bhríde, Ceapach na Coise, Doire na gCos, Cosa Fuara
-
crann
- Míniú i mBéarla
- tree
- Samplaí
- An Crann Mór, Tulaigh Chrainn, Ard an Chrainn, Bealach an Aonchrainn, Doire Chéad gCrann
-
craobh
- Míniú i mBéarla
- tree, branch
- Samplaí
- An Chraoibh Mhór, Craobh Eilpe, Coill na Craoibhe, Tulaigh Chraoibhe, Doire na gCraobh, Craobhchruinn
-
creag (freisin: craig, creig, screig)
- Míniú i mBéarla
- rock, crag
- Samplaí
- An Chreag, Creig an Bháda, Craig an Chnoic, An Screig
-
creagán (freisin: screagán)
- Míniú i mBéarla
- rocky place
- Samplaí
- Creagán Eoghain, Cill Chreagáin, Na Creagáin, An Screagán
-
crois (freisin: cros)
- Míniú i mBéarla
- cross; crossroads
- Samplaí
- Crois Mhaoilíona, Cros Doire
-
cruach (freisin: cruachán)
- Míniú i mBéarla
- stack, peak
- Samplaí
- An Chruach Ghorm, Na Cruacha Dubha, Cruach Phádraig, Lisín na gCruach, Cruachán, Lios Cruacháin
-
cuas
- Míniú i mBéarla
- hollow; cove, creek
- Samplaí
- Cluain Cuas, Doire Chuais, Cuas an Bhaid, Cuas Lís Móiníl
-
currach
- Míniú i mBéarla
- marsh
- Samplaí
- Currach Bheatha, Lios Curraigh, Na Curracha, Barr na gCurraithe