Gluais & Léarscáileanna dáileacháin (D)
Tabhair faoi deara: Tá an ghluais seo, a thugann spléachadh ar fhocail a fhaightear go coitianta i logainmneacha na hÉireann, bunaithe ar chuardaigh uathoibríocha téacs. Seasann na poncanna glasa d'ainmneacha aonad riaracháin agus seasann na poncanna dearga do mhionlogainmneacha. Cé go bhfuil seiceáil eagarthóireachta déanta agus á déanamh go leanúnach ar na torthaí, ní gá go mbeidís uile ceart (is féidir earráidí a lua le logainm@dcu.ie). Chomh maith leis sin, tá logainmneacha áirithe nach bhfuil innéacsú déanta orthu go fóill, mar shampla (i) na logainmneacha i dTuaisceart Éireann nach bhfuil ainmneacha Gaeilge socraithe ina dtaobh go fóill agus (ii) logainmneacha nach bhfuil sa bhunachar in aon chor, mar shampla mionainmneacha áirithe. Féach graf na logainmneacha atá socraithe ó chontae go contae anseo.
-
dá (freisin: dhá)
- Míniú i mBéarla
- two
- Samplaí
- Achadh an Dá Chora, Gleann Dá Loch, Drom Dhá Liag, Muiceanach idir Dhá Sháile
-
daingean
- Míniú i mBéarla
- fortress
- Samplaí
- An Daingean, Daingean Uí Chúis, An Seandaingean, Cill Daingin, Béal an Daingin, An Daighean, Baile an Daighin
-
dair (freisin: darú)
- Míniú i mBéarla
- oak
- Samplaí
- Cill Dara, Béal Átha Darach, An Dairtheach, Darú,
-
dearg (freisin: deirg, deirge)
- Míniú i mBéarla
- red, red one
- Samplaí
- An Fhaill Dearg, Deargráth, Rinn na bhFear Dearg, Béal Deirg, Abhainn na Deirge
-
doirín
- Míniú i mBéarla
- little oak-wood
- Samplaí
- Doirín an Chollaigh, An Doirín Dubhach, Bealach an Doirín, Na Doiríní, Béal Átha Doiríní
-
droim (freisin: drom)
- Míniú i mBéarla
- ridge
- Samplaí
- Droim an Lis, Drom idir Dhá Loch, Dún Droma
-
dubh (freisin: dú-, duí-)
- Míniú i mBéarla
- black
- Samplaí
- An Baile Dubh, Dubháth, Dúchoill, Duínis
-
dumha
- Míniú i mBéarla
- (grave-)mound, sand-bank
- Samplaí
- Dumha Liag, An Dumhach Chorrach, Dumhaigh Bhig
-
dún (freisin: dúnaibh)
- Míniú i mBéarla
- fort
- Samplaí
- An Dún, Dún na nGall, Maigh an Dúin, Ceann an Dúna, Na Dúnaibh