Gluais & Léarscáileanna dáileacháin (G)
Tabhair faoi deara: Tá an ghluais seo, a thugann spléachadh ar fhocail a fhaightear go coitianta i logainmneacha na hÉireann, bunaithe ar chuardaigh uathoibríocha téacs. Seasann na poncanna glasa d'ainmneacha aonad riaracháin agus seasann na poncanna dearga do mhionlogainmneacha. Cé go bhfuil seiceáil eagarthóireachta déanta agus á déanamh go leanúnach ar na torthaí, ní gá go mbeidís uile ceart (is féidir earráidí a lua le logainm@dcu.ie). Chomh maith leis sin, tá logainmneacha áirithe nach bhfuil innéacsú déanta orthu go fóill, mar shampla (i) na logainmneacha i dTuaisceart Éireann nach bhfuil ainmneacha Gaeilge socraithe ina dtaobh go fóill agus (ii) logainmneacha nach bhfuil sa bhunachar in aon chor, mar shampla mionainmneacha áirithe. Féach graf na logainmneacha atá socraithe ó chontae go contae anseo.
-
gabha
- Míniú i mBéarla
- smith
- Samplaí
- Baile an Ghabhann, Baile na nGabhann, Baile na nGaibhne
-
gall
- Míniú i mBéarla
- foreigner; standing stone
- Samplaí
- Fine Gall, Baile na nGall, Baile an Ghaill, Gallmhaigh,
-
gamhain
- Míniú i mBéarla
- calf
- Samplaí
- Loch Gamhna, Meall an Ghamhna, Gort na nGamhna, Cluain na nGamhan
-
garbh
- Míniú i mBéarla
- rough, rough one
- Samplaí
- Ráth Garbh, Garbhachadh, Carn na nGarbh, Tobar an Ghairbh, Loch na hAbhna Gairbhe
-
garraí
- Míniú i mBéarla
- garden, court
- Samplaí
- Garraí an Uisce, Baile an Gharraí, An Seangharraí
-
gearr (freisin: giorra)
- Míniú i mBéarla
- short
- Samplaí
- An Caisleán Gearr, Gearrchluain, Cnoc na hÚrach Giorra
-
glas (freisin: glaise)
- Míniú i mBéarla
- stream
- Samplaí
- Glas Naíon, Glaise na Muice, Sliabh na Glaise
-
gleann
- Míniú i mBéarla
- glen
- Samplaí
- Gleann Arma, Glinn Chatha, Loch Glinne, Baile an Ghleanna
-
gob
- Míniú i mBéarla
- point, headland
- Samplaí
- Gob an Mhianaigh, Gob Reanna, Pointe an Ghoba
-
gort (freisin: gart)
- Míniú i mBéarla
- field
- Samplaí
- Gort an Rois, An tArdghort, Baile an Ghoirt, Fiogart
-
gráig
- Míniú i mBéarla
- hamlet; cattle-steading?
- Samplaí
- Gráig na Manach, Cnoc na Gráige, An Chorrghráig
-
gráinseach (freisin: gráinsigh)
- Míniú i mBéarla
- grange, monastic farm
- Samplaí
- Gráinseach na Gaoithe, Cnoc na Gráinsí, An Ghráinsigh
-
gréach
- Míniú i mBéarla
- rough pasture-land?
- Samplaí
- Gréach na gCon, An Fhionnghréach, An Ghréach Ghlas