Gluais & Léarscáileanna dáileacháin (L)
Tabhair faoi deara: Tá an ghluais seo, a thugann spléachadh ar fhocail a fhaightear go coitianta i logainmneacha na hÉireann, bunaithe ar chuardaigh uathoibríocha téacs. Seasann na poncanna glasa d'ainmneacha aonad riaracháin agus seasann na poncanna dearga do mhionlogainmneacha. Cé go bhfuil seiceáil eagarthóireachta déanta agus á déanamh go leanúnach ar na torthaí, ní gá go mbeidís uile ceart (is féidir earráidí a lua le logainm@dcu.ie). Chomh maith leis sin, tá logainmneacha áirithe nach bhfuil innéacsú déanta orthu go fóill, mar shampla (i) na logainmneacha i dTuaisceart Éireann nach bhfuil ainmneacha Gaeilge socraithe ina dtaobh go fóill agus (ii) logainmneacha nach bhfuil sa bhunachar in aon chor, mar shampla mionainmneacha áirithe. Féach graf na logainmneacha atá socraithe ó chontae go contae anseo.
-
ladhar
- Míniú i mBéarla
- fork
- Samplaí
- Ladhar an Chrompáin, Barr na Laidhre, Doirín Ladhrach, Inis Ladhair
-
leaba (freisin: leapa)
- Míniú i mBéarla
- grave, megalithic tomb, bed
- Samplaí
- Leaba Dhiarmada agus G(h)ráinne, Leaba Molaga, Leaba Shíoda, Leaba na Saidhe, Gleann na Leapa
-
leac
- Míniú i mBéarla
- flat stone or rock, flagstone
- Samplaí
- An Leac Dhearg, An Chorrleac, Cruach Leac, Cúil Lice, Ré na Lice, An Leic Ghlais, Bun Leice
-
leaca (freisin: leacain, leacan)
- Míniú i mBéarla
- hillside
- Samplaí
- An Leaca Bhuí, Leacain an Éadain, Ucht Leacan
-
leacht (freisin: sleacht)
- Míniú i mBéarla
- grave-mound, monument
- Samplaí
- Leacht na mBard, Leachta, Corr Leacht, Sleacht Mhánasa
-
leamhán (freisin: leamhach)
- Míniú i mBéarla
- elm-tree
- Samplaí
- Doire Leamhán, Ceapaigh an Leamháin, Mullach an tSleamháin, Leamhchoill, Leamhach
-
léana
- Míniú i mBéarla
- water-meadow
- Samplaí
- An Léana Báite, Léana Dúna, Ard Léana, Baile na Léana, Poll an Léana
-
learga (freisin: leargaidh, leargain)
- Míniú i mBéarla
- hillside
- Samplaí
- Learga Uí Dhónaill, An Leargaidh Mhór, An Leargain Bhreac, An Dúlearga, An Dúleargaidh
-
leath (freisin: leith)
- Míniú i mBéarla
- half, side
- Samplaí
- An Leathbhaile, Cluain Leathaird, Leithghlinn an Droichid
-
leitir (freisin: leitreach)
- Míniú i mBéarla
- hillside
- Samplaí
- Leitir Mhic an Bhaird, Dúleitir, Leitreach Ard
-
lia (freisin: liag)
- Míniú i mBéarla
- stone, pillar-stone
- Samplaí
- Sliabh Liag, Áth Liag, Béal Átha Liag, Damhliag
-
liath (freisin: léith)
- Míniú i mBéarla
- grey, grey place, grey horse
- Samplaí
- An Liath, Lios Liath, Na Leadhba Liatha, Coillidh Léith, Léim na Léithe
-
lisín
- Míniú i mBéarla
- small ring-fort
- Samplaí
- Lisín an Lín, Lisín Mánais, Caisleán an Lisín, An Corrlisín
-
loch
- Míniú i mBéarla
- lake; inlet
- Samplaí
- Loch Garman, Loch nEathach, Camloch, Tuaim Fhionnlocha
-
log (freisin: lag)
- Míniú i mBéarla
- hollow
- Samplaí
- Log an tSneachta, Lag an Aoil, Baile an Loig
-
lorgain (freisin: lorga)
- Míniú i mBéarla
- long low ridge; strip of land
- Samplaí
- An Lorgain, An Lorga, Baile na Lorgan
-
luachair
- Míniú i mBéarla
- rushes, rushy place
- Samplaí
- Gréach na Luachra, Loch Luachra, Sliabh Luachra, Mucluachra