Gluais & Léarscáileanna dáileacháin (T)
Tabhair faoi deara: Tá an ghluais seo, a thugann spléachadh ar fhocail a fhaightear go coitianta i logainmneacha na hÉireann, bunaithe ar chuardaigh uathoibríocha téacs. Seasann na poncanna glasa d'ainmneacha aonad riaracháin agus seasann na poncanna dearga do mhionlogainmneacha. Cé go bhfuil seiceáil eagarthóireachta déanta agus á déanamh go leanúnach ar na torthaí, ní gá go mbeidís uile ceart (is féidir earráidí a lua le logainm@dcu.ie). Chomh maith leis sin, tá logainmneacha áirithe nach bhfuil innéacsú déanta orthu go fóill, mar shampla (i) na logainmneacha i dTuaisceart Éireann nach bhfuil ainmneacha Gaeilge socraithe ina dtaobh go fóill agus (ii) logainmneacha nach bhfuil sa bhunachar in aon chor, mar shampla mionainmneacha áirithe. Féach graf na logainmneacha atá socraithe ó chontae go contae anseo.
-
tamhnach
- Míniú i mBéarla
- arable place, field
- Samplaí
- Tamhnach an tSalainn, Achadh Tamhnaí, Loch na dTamhnach, Fionntamhnach, An Tamhnaigh Mhór
-
teach (freisin: steach, stigh, tigh)
- Míniú i mBéarla
- house
- Samplaí
- Teach Naithí, Tigh Damhnata, Áit an Tí Móir, Stigh Colláin, Steach Caillí
-
tobar
- Míniú i mBéarla
- well
- Samplaí
- Tobar Rí an Domhnaigh, Corr an Tobair, Droim na dTobar
-
tóin (freisin: tón)
- Míniú i mBéarla
- bottom(-land)
- Samplaí
- Tóin re Gaoith, Baile na Tóna, Leatón, Leatóin
-
tor (freisin: toraigh)
- Míniú i mBéarla
- tall rock, steep rocky height; bush, clump
- Samplaí
- Tor Beithigh, An Tor Mór, Tor Coill, Toraigh
-
trian (freisin: treana, triainín)
- Míniú i mBéarla
- third
- Samplaí
- An Trian Meánach, An Trian Láir, Trian na Coilleadh, Coillín an Triain, Barr anTreana, Na Triainíní
-
tuaim
- Míniú i mBéarla
- (grave-)mound, burial-place
- Samplaí
- Tuaim, Tuaim Gréine, Cill Tuama
-
tuairín
- Míniú i mBéarla
- little paddock, little (cultivated) field, little pasture
- Samplaí
- Tuairín na nÉan, Loch an Tuairín
-
tuar
- Míniú i mBéarla
- paddock, (cultivated) field, pasture
- Samplaí
- Tuar Mhic Éadaigh, Béal Átha an Tuair,
-
tulach (freisin: tulaigh)
- Míniú i mBéarla
- hillock
- Samplaí
- Tulach Mhór, Aill na Tulach, Leacht Tulaí, Seantulach, Tulaigh Loiste