
Coiste eagrúcháin
Dónall Mac Giolla Easpaig | An Príomhoifigeach Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta |
An Dr Pádraig Ó Cearbhaill | Ardoifigeach Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta |
An Dr Úna Bhreathnach | Bainisteoir eagarthóireachta, Fiontar DCU |
Fionnuala Cloke | Bainisteoir eagarthóireachta, Fiontar DCU (Márta 2011 – Eanáir 2012) |
An Dr Brian Ó Raghallaigh | Bainisteoir teicniúil, Fiontar DCU |
Mairéad Nic Lochlainn | Eagarthóir taighde, Fiontar DCU |
Edel Ní Mhuirthile | Riarthóir tionscadal taighde, Fiontar DCU |
Eolas faoi Fiontar
Déanann foireann FIONTAR taighde nuálaíoch idirdhisciplíneach i réimse leathan ábhar a nascann an Ghaeilge le saincheisteanna comhaimseartha, gnó agus bainistíocht, teicneolaíocht na faisnéise, sochaí agus teanga, agus acmhainní digiteacha don Ghaeilge. Tá taithí leathan ag an scoil agus ag léachtóirí na scoile ar a bheith ag obair ar thaighde i bpáirt le heagrais náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is féidir le mic léinn tabhairt faoi thaighde iarchéime ag leibhéal MA nó PhD in aon cheann de na réimsí sainspéise atá ag foireann na Scoile. I measc na dtionscadal sonrach tá an obair ar théarmaíocht (www.focal.ie, iate.europa.eu (na téarmaí Gaeilge)), ar logainmneacha (www.logainm.ie), ar bheathaisnéisí ( www.ainm.ie) mar aon le taighde aonair na léachtóirí. Tá acmhainní digiteacha ardleibhéil á gcruthú agus á bhforbairt do thaighdeoirí agus do phobal na Gaeilge go forleathan. Tá siad dírithe ar shainúsáideoirí ardleibhéil agus ar an mórphobal araon. Déantar na hacmhainní seo a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta le maoiniú náisiúnta agus Eorpach.
Le tuilleadh eolais a fháil ar Fiontar, féach http://www.dcu.ie/fiontar
Le tuilleadh eolais a fháil ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, féach http://www.dcu.ie/info/about.shtml
Eolas faoin mBrainse Logainmneacha
Is é céad chúram an Bhrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, taighde a dhéanamh chun ceartfhoirmeacha Gaeilge logainmneacha na hÉireann a aimsiú agus a fhoilsiú le húsáid go hoifigiúil. Foilsítear toradh taighde an Bhrainse i bhfoirm liostaí de réir mar a bhíonn liostaí oiriúnacha réidh. Tá liostaí logainmneacha i gcomhair na gcontaetha seo a leanas foilsithe go dtí seo: Co. Luimnigh, Co. Phort Láirge, Co. Lú, Co. Chill Chainnigh, Co. Uíbh Fhailí, Co. Mhuineacháin agus Co. Thiobraid Árann. Tá trí leabhar thaighde foilsithe ag an mBrainse chomh maith, leabhar faoi Co. Luimnigh agus dhá leabhar faoi Co. Thiobraid Árann (Logainmneacha na hÉireann I - III). Is de réir contae a dhéantar taighde de ghnáth. Tá taighde curtha i gcrích ar na logainmneacha i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, na Gaillimhe. Tá obair thaighde ar siúl faoi láthair ag foireann an Bhrainse ar logainmneacha na gcontaetha seo, Co. an Chabháin, Co. an Longfoirt, Co. Chiarraí, Co. Liatroma, Co. Loch Garman agus Co. Shligigh. Tá foirm ghinidigh logainmneacha á socrú freisin.
Cé go bhfuil taighde an Bhrainse dírithe ar ainmneacha riaracháin go príomha – ar ainmneacha contaetha, barúntachtaí, paróistí dlí, bailte fearainn agus toghrann – tá foirmeacha Gaeilge socraithe do chineálacha eile ainmneacha chomh maith, ar nós bailte agus ionaid eile daonra, sráidainmneacha, aibhnite agus gnéithe fisiciúla éagsúla. Rinneadh taighde ar ainmneacha na gceantracha éagsúla Gaeltachta, idir logainmneacha riaracháin agus saghsanna eile ainmneacha a bhfuil a bhfoirmeacha Béarla ar léarscáileanna Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann. Chomh maith, freastalaíonn an Brainse ar a lán cineálacha comhfhreagrais a bhaineann le logainmneacha. Is é Ceann an Bhrainse Rúnaí an Choimisiúin Logainmneacha
Eolas faoi logainm.ie
Tá bunachar sonraí de Logainmneacha na hÉireann cruthaithe ag FIONTAR (DCU) i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha (Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta). Áis chuimsitheach bhainistíochta í seo chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar mar aon le taighde oifigeach logainmneacha an Stáit. Tá an suíomh poiblí dírithe ar riachtanais iriseoirí agus aistritheoirí, mac léinn agus múinteoirí, mar aon le staraithe agus taighdeoirí ginealais. Áis don phobal atá ann, d’Éireannaigh sa bhaile agus thar lear, agus spreagann sí spéis i saibhreas agus i saíocht logainmneacha na hÉireann.
Cuireadh tús le Céim I den obair in Aibreán 2007 agus seoladh Bunachar Logainmneacha na hÉireann go poiblí ag tús Dheireadh Fómhair 2008. Le linn Chéim II (2009-2010) cuireadh na háiseanna seo a leanas leis an suíomh: comhaid fuaime logainmneacha; áiseanna léarscáilíochta; acmhainní oideachais do dhaltaí bunscoile agus do mhic léinn tríú leibhéal; córas aistriúcháin chun tiontú comhuaineach Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge a dhéanamh ar liostaí logainmneacha; áiseanna breise don phobal ar nós nótaí míniúcháin ar ghnéithe de na logainmneacha; agus íomhánna scanta d’fhianaise staire (faoi ‘Taifid chartlainne’). Tá Céim III (2011-2012) ar siúl anois agus seo a leanas spriocanna na céime seo:
- Acmhainní oideachais do dhaltaí iarbhunscoile.
- Gnéithe léarscáilíochta nua agus feabhsaithe a chur leis an suíomh.
- Áiseanna iompórtála agus easpórtála.
- Áis a fhorbairt chun míreanna coitianta i logainmneacha a aistriú/mhíniú.
- Comhaid fuaime a chur le 8 gcontae bhreise.
Bhuaigh www.logainm.ie an Séala Eorpach Teanga in 2010 agus ba bhuaiteoir catagóire é ag Gradaim ríomh-Rialtais na hÉireann, 2011.