
Ceardlann Logainmneacha 2012
Téama: Bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar líne
Dátaí: 24-25 Lúnasa 2012
Reáchtáilte ag: Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Aidhmeanna
Ba é aidhm na ceardlainne seo fóram a sholáthar chun saothar taighdeoirí agus cleachtóirí tionscail i réimse na logainmníochta a chur i láthair. Ina theannta sin bhí deis ag taighdeoirí idirnáisiúnta agus cleachtóirí tionscail naisc agus comhpháirtíochtaí a thionscnamh eatarthu féin.
Dhírigh an cheardlann ar thrí phríomhchatagóir:
1. Taighde logainmneacha
2. Réitigh theicniúla do bhainistiú sonraí logainmníochta
3. Réitigh léarscáilíochta:
- Sioncrónú sonraí logainmníochta idir bunachair
- Sonraí logainmníochta dátheangacha/ilteangacha
Bhí Helen Kerfoot, United Nations Group of Experts on Geographical Names mar phríomhchainteoir na ceardlainne.
Teagmháil
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le logainm@dcu.ie
Seoladh: | Fiontar, DCU, Baile Átha Cliath 9, Éire |
Fón: | +353 1 700 6577 |
Facs: | +353 1 700 5690 |