Suirbhé ar úsáideoirí logainm.ie
Bheimis buíoch díot ach suirbhé gearr faoi logainm.ie a líonadh amach anseo »
Beidh sé ar fáil go dtí meán lae an 3 Feabhra 2017.
Suirbhé ar úsáideoirí logainm.ie
Bheimis buíoch díot ach suirbhé gearr faoi logainm.ie a líonadh amach anseo »
Beidh sé ar fáil go dtí meán lae an 3 Feabhra 2017.
Bhí fabht cumhachta i gceann de na hionaid sonraí anseo i DCU inné (an 9 Eanáir) a chuir isteach ar an nasc le freastalaí gréasáin Fiontar & Scoil na Gaeilge (i.e. Ainm.ie, Dúchas.ie, Gaois.ie, Logainm.ie) ar feadh 105 nóiméad (idir 14:53:00 agus 16:38:00). Ár leithscéal faoi seo.
Nollaig faoi shéan agus athbhliain faoi mhaise daoibh ó fhoireann logainm.ie. Beimid ar ais san oifig ar an 3 Eanáir 2017 agus freagrófar fiosrúcháin chuig logainm@dcu.ie ansin.
Ní bheidh ach logainmneacha Béarla le sonrú ar chuid léarscáileanna Logainm.ie agus Meitheal Logainm.ie ó 18.00 Dé hAoine, an 16 Nollaig go dtí 08.00 Dé Luain, an 19 Nollaig de bharr oibreacha riachtanacha cothabhála atá ar siúl ag OSi MapGenie ar a seirbhís léarscáilíochta.
Comórtas do iar-bhunscoileanna ar théama na mionainmneacha: Reáchtálfar comórtas go luath san Athbhliain ar théama na mionainmneacha ag baint úsáide as meitheal.logainm.ie. Gheofar gach eolas anseo ar logainm.ie agus sa nuachtlitir i mí Eanáir - bígí istigh ar dhuais!
Tá sonraí léarscáile don Tuaisceart ar fáil anois sa leagan Gaeilge de MapGenie. Is mar thoradh ar chomhoibriú idir OSi agus LPS é seo.
Folúntais:
Cúntóir Taighde (conradh suas le 24 mhí) Tuilleadh eolais >>
Cúntóir Eagarthóireachta Taighde (conradh suas le 24 mhí) Tuilleadh eolais >>
Spriocdháta: 17 Deireadh Fómhair 2016
Sheol an tAire Stáit, Seán Kyne, Meitheal Logainm.ie go hoifigiúil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar an 21 Meán Fómhair. Tuilleadh eolais »
Aiste eile ar fáil ar logainm.ie anois: The Anglicisation of Irish Placenames, féach anseo »
An tOrdú Logainmneacha (Contae Loch Garman) 2016 - Dréacht