Fáilte romhat chuig suíomh athdheartha Bhunachar Logainmneacha na hÉireann, ar a bhfuil breis comhordanáidí, léarscáileanna nua, braislí logainmneacha, agus comhéadan freagrúil atá níos áisiúla agus níos fusa le brabhsáil. Tá treoir úsáideora agus cur síos ar na príomhathruithe anseo. Tá léarscáileanna nua Gaeilge agus Béarla curtha ar fáil ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. Tá mionearráidí fós á gceartú againn, agus ba mhór againn do chuid aiseolais tríd an ríomhphost nó trí Twitter.
Cartlann na bhfógraí
-
14/5/2014
- 6/5/2014
-
6/5/2014
Tá Sráidainmneacha: Treoirlínte/Streetnames: Guidelines ar fáil ar logainm.ie anois, féach anseo
-
28/3/2014
Tá Treoirleabhrán d’Údaráis Áitiúla faoi ghnáthú na Gaeilge/A Guide for Local Authorities on the use of Irish ar fáil ar logainm.ie anois, féach anseo.
-
27/3/2014
Is féidir clárú anois anseo do chomhdháil bhliantúil agus imeacht oiliúna BISA a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 16/17 Bealtaine. Cúis áthais do BISA a bheith ag obair i gcomhar le Fiontar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana leis an gcomhdháil a eagrú.
Tabharfaidh an chomhdháil aghaidh ar théamaí agus ar dhúshláin atá comónta dúinn. Ceann díobh ná an chaoi nuálach spreagúil ina mbaintear úsáid as an Idirlíon chun deis a thabhairt do dhaoine teacht ar an ábhar luachmhar atá á gcaomhnú i gcartlanna fuaime in Éirinn agus sa Bhreatain. Tá dréachtchlár ar fáil anseo.
Meastar go coitianta gur uirlis éifeachtach é an tIdirlíon chun cur le rochtain an phobail ar na haircíví fuaime sin, ach ní léir i gcónaí cén cur chuige is fearr.
€30/£25 táille chlárúcháin na comhdhála (baill chláraithe BISA) nó €36/£30 (daoine nach baill iad), lón agus sólaistí san áireamh. Is féidir íoc ar an lá. Cláraigh don chomhdháil inniu. Fearaimid fáilte romhat go Baile Átha Cliath!
Tá an Brainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tacú leis an gcomhdháil seo.
-
24/3/2014
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil libh as an suirbhé úsáideoirí a fhreagairt. Tháinig go leor moltaí maithe as agus aiseolas fónta. Cliceáil anseo » do thuilleadh eolais faoin aiseolas a fuarthas.
-
14/3/2014
Cruthaíodh naisc idir logainm.ie agus ainm.ie le deireanas. Nasctar logainmneacha le háiteanna breithe daoine ar ainm.ie. Féach Béal Feirste, mar shampla: http://www.logainm.ie/118005.aspx
-
18/12/2013
Sheol an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich www.duchas.ie, tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, go hoifigiúil ar 17 Nollaig.
-
5/12/2013
Ár mbuíochas le gach duine a líon an suirbhé ar úsáideoirí logainm.ie le déanaí.
Comhghairdeas le Cormac Ó Cléirigh i gCromghlinn, Baile Átha Cliath, buaiteoir an chrannchuir.
-
28/11/2013
Fuaim le logainmneacha Chontae na hIarmhí ar fáil anois ar logainm.ie