Comhghairdeas le Scoil Naomh Eirc, Trá Lí, Co. Chiarraí as an gcomórtas do bhunscoileanna a bhuachan. Bhuaigh siad luach €300 de dhuaiseanna. Fuair gach scoil a chuir isteach ar an gcomórtas teastas. Is féidir cuid d’obair na ndaltaí a fheiceáil ach cliceáil anseo.
Cartlann na bhfógraí
-
24/6/2013
-
22/5/2013
Fuaim le logainmneacha Chontae Cheatharlach ar fáil anois ar logainm.ie
-
22/5/2013
Fuaim le logainmneacha Chontae Shligigh ar fáil anois ar logainm.ie
-
16/5/2013
Foilseachán Nua ón OSi: Léarscáil na hÉireann as Gaeilge
-
17/4/2013
Tá staidéar nua ‘Téarmaíocht don Aontas Eorpach. Taithí na hÉireann: Tionscadal GA IATE’ tiomsaithe ag Fiontar, DCU agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Ceannaigh anseo é.
-
21/3/2013
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil libh as an suirbhé úsáideoirí a líonadh. Tháinig go leor moltaí maithe as agus aiseolas fónta. Cliceáil anseo » do thuilleadh eolais faoin aiseolas a fuarthas.
-
14/3/2013
Comórtas do bhunscoileanna Seolaigí isteach bhur dtionscadail agus bígí istigh ar dhuais!
Spriocdháta: 24 Bealtaine 2013
Tuilleadh eolais » -
8/3/2013
Comhaltachtaí Taighde PhD (2013–16)
Tá líon teoranta comhaltachtaí lánaimseartha taighde (ar €16,000 sa bhliain móide táillí) á dtairiscint ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Sonrúchán iomlán ar fáil anseo.
Spriocdháta: 17 Bealtaine 2013.
-
27/2/2013
Bhí an suíomh seo as feidhm idir 10.30am agus 1pm inniu (27 Feabhra, am na hÉireann) mar gheall ar fhadhb líonra in DCU, mar a n-óstáiltear an suíomh. Tá cúis na faidhbe réitithe anois. Gabhaigí ár leithscéal as seo.
-
27/2/2013
D’fhéadfadh nach mbeidh rochtain ar an suíomh seo ó 7pm inniu (27 Feabhra, am na hÉireann) ar feadh tréimhse. Is i ngeall ar obair riachtanach uasghrádaithe in DCU an t-éaradh seirbhíse féideartha seo. Gabhaigí ár leithscéal as seo.