Tá A Topographical Dictionary of Ireland ar fáil ar logainm.ie, féach anseo »
Cartlann na bhfógraí
-
26/2/2013
-
6/2/2013
Tá logainm.ie agus ainm.ie ar ghearrliosta do ghradam “Digital Humanities Awards 2012” sa chatagóir “Best DH project for public audiences”. Tugaigí vóta dóibh, más maith libh - agus féachaigí na hacmhainní daonnachtaí digiteacha eile atá luaite: dhawards.org/dhawards2012/voting.
-
1/2/2013
Tá áis chun míreanna coitianta Gaeilge i logainmneacha a mhíniú ar fáil anois.
Chun teacht ar an eolas, ní gá ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Gluais’ ag barr ar dheis gach leathanaigh.
Gheofar ansin míniú ar mhíreanna coitianta i logainmneacha, leithéidí ‘baile’ agus ‘cill’. Lena chois sin, tugtar míniú ar na míreanna coitianta ar leathanach an logainm féin faoin teideal ‘Gluais’.
-
24/1/2013
Ár mbuíochas le gach duine a líon an suirbhé ar úsáideoirí logainm.ie le déanaí.
Comhghairdeas le A. Ó Muircheartaigh i gCiarraí, buaiteoir an chrannchuir.
-
23/1/2013
Fuaim le logainmneacha Chontae an Chláir ar fáil anois ar logainm.ie
-
20/12/2012
Nuachtlitir na dtionscadal
Eagrán 4 ar fáil anseo»
-
11/12/2012
Suirbhé ar úsáideoirí logainm.ie
Bheimis buíoch díot ach suirbhé gearr faoi logainm.ie a líonadh amach anseo »
Cuirfear ainm gach duine a luann a sheoladh ríomhphoist san áireamh i gcrannchur le haghaidh éarlais leabhar ar luach €150. Rithfear an crannchur ar 4 Eanáir 2013.
-
8/11/2012
Ní bheidh rochtain ar an bhfoirm iarratais ar logainm.ie ó 4in 8 Samhain go ham lóin 9 Samhain. Is i ngeall ar obair riachtanach uasghrádaithe an t-éaradh seirbhíse seo. Ár leithscéal faoi seo.
-
30/10/2012
Tá cóip leictreonach d’imeachtaí na Ceardlainne Logainmneacha ar fáil le híoslódáil anseo » . Tá cóipeanna crua ar díol ar chostas €15. Tuilleadh eolais ».
-
15/10/2012
Cluichí oideachais ar fáil do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile anseo »