Tá seacht mbeatha nuascríofa ar fáil ar Ainm.ie: Tomás Ó Gríofa (1829–1896), Breandán Mac Cnáimhsí (1921–2011), Micheál Ó Bréartúin (1930–2011), Dáithí Ó hÓgáin (1949–2011), Muiris Ó Rócháin (1944–2011), Pearse Hutchinson (1927–2012), Eoghan Ó hAnluain (1938–2012)
Cartlann na bhfógraí
-
4/7/2012
-
29/5/2012
Ceistneoirí aiseolais. Bheimis an-bhuíoch d’úsáideoirí na n-acmhainní oideachais ach ceistneoir gearr a líonadh. Beidh an t-aiseolas ina chabhair dúinn chun forbairt a dhéanamh ar na hacmhainní oideachais amach anseo. Tá ceistneoir ar leith ar fáil do na hacmhainní bunscoile, na hacmhainní iarbhunscoile agus na hacmhainní tríú leibhéil.
-
24/5/2012
Níl ach níos lú ná seachtain fágtha le clárú do Cheardlann Logainmneacha 2012 ar phraghas íslithe!
-
23/5/2012
Ar mhaith leat nuachtlitir a fháil ó Fiontar mar gheall ar logainm.ie agus tionscadail eile? Cliceáil ar an nasc sa mbarra ag barr an leathanaigh.
-
16/5/2012
Is féidir na saigheada i mbosca ‘Logainm an lae’ a úsáid le brabhsáil trí na logainmneacha tráthúla.
-
9/5/2012
Bhí an suíomh seo as feidhm idir 8am agus 11am inniu (9 Bealtaine, am na hÉireann) mar gheall ar fhadhbanna teicniúla. Theip ar lasc líonra in DCU ach tá ionadaí suiteáilte anois. Gabhaigí ár leithscéal as seo.
-
8/5/2012
Bhí an suíomh seo as feidhm idir 2pm agus 6pm inniu (8 Bealtaine, am na hÉireann) mar gheall ar fhadhbanna teicniúla. Tá cúis na bhfadhbanna fós á fiosrú againn. Gabhaigí ár leithscéal as seo.
-
25/4/2012
Tá na horduithe logainmneacha atá déanta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus atá mar chuid de reachtaíocht na tíre, ar fáil anseo. (Tá nasc chuige seo ar bharr ar dheis)
-
18/4/2012
Tá teacht ar ár gcartlann fógraí anseo. (Tá nasc chuige seo thíos.)
-
11/4/2012
Tá uimhir aitheantais uathúil bhuan ag gach áit i mBunachar Logainmneacha na hÉireann; tá nasc buan ann chuig gach áit, bunaithe ar an uimhir uathúil seo, .i. http://www.logainm.ie/<PlaceID>.aspx. Tá teacht ar an nasc buan seo faoi chluaisín na sonraí sa phríomhphána, i measc shonraí na háite.