An bhfuil tú ag lorg logainm nach bhfuil ar fáil sa bhunachar? Líon an fhoirm fiosraithe. (Tá nasc chuige seo ar bharr ar dheis)
Cartlann na bhfógraí
-
4/4/2012
-
30/3/2012
Fuaim le logainmneacha Chontae Loch Garman ar fáil anois ar logainm.ie
-
28/3/2012
An raibh a fhios agat go bhfuil acmhainní breise eolais ar nós ailt, léarscáileanna agus eile ar fáil ar logainm.ie? Féach: http://www.logainm.ie/Eolas. (Tá nasc chuige seo ar bharr ar dheis.)
-
21/3/2012
An raibh a fhios agat go bhfuil acmhainní oideachais ar fáil ar logainm.ie? Féach www.logainm.ie/Scoil. (Tá nasc chuige seo ar bharr ar dheis.)
-
14/3/2012
Bain triail as na cnaipí mear-zúmála ag barr an phríomhphána sa radharc léarscáile. Tar éis cliceáil ar cheann acu, cliceáil ar an gcnaipe ‘Taispeáin logainmneacha’ faoina bhun.
-
7/3/2012
An bhfuil spéis agat i míreanna coitianta Gaeilge a thagann chun cinn i logainmneacha Gaeilge na tíre? Seans go mbeadh spéis agat sa liosta seo.
-
29/2/2012
An raibh a fhios agat go bhfuil an cuardach tapa ar logainm.ie cliste? Ba cheart go bhfaighfeá torthaí ábhartha fiú má dhéanann tú botún litrithe sa bhosca cuardaigh. Féach tuilleadh>>
-
22/2/2012
Foilseacháin: Tá Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge á chur le chéile ag tionscnamh Locus, Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá ceithre imleabhar den fhoclóir foilsithe ag Cumann na Sgríbheann nGaedhilge go dtí seo chomh maith leis na leabhair seo: Bibliography of Publications on Irish Placenames agus Edmund Hogan’s Onomasticon Goedelicum: Reconsiderations. Breis sonraí agus praghsanna ag www.irishtextssociety.org.
-
14/2/2012
An dtuigeann tú na catagóirí a luaitear le háiteanna ar logainm.ie? Féach míniú anseo.
-
7/2/2012
An bhfuil tú ag iarraidh liosta logainmneacha a aistriú? Úsáid an áis atá ar fáil anseo. (Tá nasc chuige seo ar bharr ar dheis)